top of page
Scoil-Ghniomhach-teideal.png

​Brat Gníomhach

Cad é an Brat Gníomhach?

Is é an brat gníomhach ná aitheantas a thabhairt do scoileanna a dhéanann iarracht pobail na scoile a chruthú atá oilte go fisiciúil agus a bhíonn gníomhach go fisiciúil.

The Active School Flag sets out to recognise schools that strive to achieve a physically educated and physically active school community.

​

Moltar gur cheart go mbeadh uair amháin de ghníomhaíocht chorpartha idir measartha agus bríomhar ag páistí gach lá.

It is recommended that children get a minimum of one hour of moderate to vigorous physical activity per day.  

​

I mbliana, tá sé mar príomhaidhm againn leibhéal aclaíochta gach páiste a fheabhsú.

This year, our main aim is to increase the fitness level of all children.

Ár gCoiste Gníomhach

Our Active Committee

Rang 1: Mason

             Keeva

​

Rang 2: Aodhán 

             Caoimhe 

​

Rang 3: Aobha

​

Rang 4: Brody

cg1.jpg

Bíonn an Coiste Gníomhach ar fheabhas gach Máirt agus Déardaoin ag am sosa. Cuireann siad gach uile páiste sa chlós ag déanamh gach saghas gníomhaíocht. Leagann siad fearas eagsúla amach do na páistí. Tá éacht oibre ar siúl agaibh!

The Active School Flag Committee are making break times on Tuesdays and Thursdays very active and enjoyable for all childre. They ensure that all children are engaged in a range of pre-organised activities. They are doing super work!

​

Tá an Coiste Gníomhach freagrach as an seomra stórais dár dtrealamh corp-oideachais freisin. Rinne siad liosta den trealamh go léir agus tá siad tar éis órd agus eagar a chur ar an seomra seo. Tá lipéidí ar gach rud agus is éasca an rud é anois fearas a aimsiú. Cuireann siad gach rud thar nais go néata tar éis ár laethanta gníomhaíochta.

Our Active School Committee are also responsible for organizing our storage room for our PE equipment. They carried out an inventory, labelled and arranged all the equipment so that makes it easier for everyone to find equipment. They put all equipment back where it belongs after each active break.

Clár Corpoideachais

 

Tá uair an chloig Corpoideachais ag gach rang gach seachtain de réir an churaclaim. I rith na bliana clúdaítear na 5 shnáithe den churaclam; lúthchleasaíocht, oiliúint uisce, damhsa, gleacaíocht, cluichí agus gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta. Bíonn ceachtanna snámha ag gach rang sa Churrach.

All classes have 1 hour of timetabled Physical Education per week as per curriculum guidelines. Throughout the year, 5 strands of the curriculum are covered by all classes; athletics, aquatics, dance, gymnastics, games and outdoor and adventure. All children take part in swimming lessons at the Curragh camp.

​

I mbliana, dhírigh muid ar Ghleacaíocht sa scoil. Mhuin gach múinteoir an sraith seo ar feadh trí seachtaine i mí Éanair.

This year we focused on Gymnastics. All teachers thought the strand of Gymnastics for three weeks in January.

g.jpg

Gníomhaíochtaí fisiceacha

 

Tá go leor rudaí ar siúl againn chun gníomhaíochtaí fisiceacha a chuir chun cinn sa scoil agus taobh amuigh d’am scoile, ionas go mbeidh na daltaí in ann an sprioc de 60 nóiméad de ghníomhaíochtaí a dhéanamh gach lá.

​

An mana atá againn sa scoil ná,  ‘Éirígí agus Bígí ag Spraoí!’

​

Tá ‘Cluiche na Míosa’ le déanamh ag na daltaí freisin ar an gclós.

​

Sosa sa Rang

Is í an fhoghlaim ghníomhach an príomhchur chuige foghlama agus teagaisc a úsáid muid sa scoil, pé ábhair atá i gceist. Tá sosanna gníomhacha i rith an lae daingnithe i gcultúr na scoile.

Déanaimid 10 ag a 10. Is breá le go leor ranganna www.gonoodle.com atá in úsáid don bhriseadh gafa sa rang! Rinne rang a 2 procaí ghníomhaí, tá ceann i ngach seomra ranga. Déanann na páistí roinnt gníomhaíochtaí fisicúla atá scríofa ar na cipíní líreacáin. 

Ar laethanta fliucha, bíonn ar na ranganna fanacht sna seomraí ranga ach bíonn deis acu gníomhaíochtaí fisiceacha a dhéanamh sa rang.

​

Active learning is the main teaching style we use in school with the children in all subjects.  We are active every day in class. We do 10 at 10. Lots of classes enjoy Go Noodle. Second class made active jars, there’s one in each class room. The children complete a range of activities that are written on the lollipop sticks. On wet days, when children must stay inside, every class completes active breaks indoors.

 

Míle Laethúil - 1.6k in aghaidh an Lae

Thosaigh muid ar rith an “míle laethúil” nó “ 1.6k in aghaidh an lae” sa scoil. Bíonn na páistí (agus roinnt múinteoirí) ag rith míle gach lá i rith an lá scoile. Níl ann ach 15 nóiméad gach lá. An-simplí agus an-éifeachtach chun sláinte agus aclaíocht na bpáistí a fhorbairt. Tá muid go léir ag éirí an-aclaí i nGaelscoil Mhic Aodha.

Tuilleadh eolais anseo https://thedailymile.ie/

​

We started running the daily mile, or 1.6k each day. The children and some teachers run a mile during the school day. It takes just 15 minutes each day. A great simple way to improve the children’s health and fitness. We are all getting very fit in Gaelscoil Mhic Aodha.

More information here : https://thedailymile.ie/

 

 

      

​

Super Troopers

Tugtar obair bhaile Super Troopers do gach rang gach lá chun béim a chur arís ar 60 nóiméad de ghníomhaíochtaí fisiceacha a dhéanamh sa lá. Tá na páistí ag déanamh an-iarracht sa bhaile.

The children have been given Super Trooper homework journals to encourage 60 minutes of physical activity every day. The children are making good efforts at home.

​

​

ST.jpg

Dioscó- Oíche Shamhna

Bhí Diosco Oíche Shamhna againn sa scoil. Bhí na páistí, tuistí agus múinteoirí go léir gleasta suas agus bhí gach duine ag damhsa!

 

We had a Halloween disco in school. the children, parents and teachers were all dressed up and everyone was dancing! 

​

Céilí- SNAG

Bhí Seactain na Gaeilge ar siúl idir an 1ú agus 17ú Márta. Is ócáid mór í Seachtain na Gaeilge sa scoil. Bhí an- cuid imeachtaí ar siúl againn don coicís. Bhí céilí ar siúl againn ar an Aoine deireanach. Bhain gach duine idir óg is aosta taitneamh as an ócáid.

 

SNAG took place from March 1st to 17ú this year. This is a big occasion in our school. we had lots of activities for the fortnight. We had Céilí on the last Friday. Young and old really enjoyed this occasion.

 

Toraíocht na Cásca

D'eagraigh muid toraíocht cásca don scoil ar fad. Bhí ar gach rang ubh a fháíl chun 1 nóiméad breise am spraoi ar an gclós a fháil agus fuair siad iad go léir! Bhuaigh Rang a 1 an méid is mó amá – Maith sibh! Bhain na páistí an-spraoi as a bheith ag rith timpeall na scoile ar fad! Dár ndóigh bhí cinn seaclaide ann freisin!

​

We organised an egg hunt for every class. They had to find the eggs to earn extra yard play time. Every class found them! First class won the most minutes- well done!  The children had great fun running around the whole school. Of course, we had some chocolate eggs too! 

Clár fógraí- Notice board

Tá clár fógraí againn sa scoil. Is féidir le gach duine sa scoil féachaint ar cé hiad laochra spóirt na scoile, an nuacht spóirtiúil is déanaí sa scoil a léamh agus foghlaim faoi eagraíochtaí spóirt áitiúla. Bhí comórtas posteair againn ag tús na bliana freisin. Rinne rang 3/4 suirbhe ar na clubanna spóirt ina bhfuil na páistí mar bhaill díobh tar éis am scoile.. Is léir go bhfuil scoil gníomhach againn! Is féidir leis na daltaí teastas, corn nó bonn ó na clubanna seo a thabhairt isteach le thaispeánt do gach rang.

We have an Active School Notice Board in our school. Everyone can see who the latest high achiever in sports is, read the most recent school sports news and learn about local sporting organizations and events. We had a poster competition at the start of the year. 3rd and 4th class completed the ‘What club are you in?’ survey.  This survey shows the sports clubs the pupils attend outside of school. It’s clear that we have very active students! The students are welcome to bring in any prizes, medals, certificates etc. to be shown to each class.

Lá Spóirt- Sports Day

​

Bíonn lá spóirt ag an scoil ag deireadh an téarma deireannach gach bhliain. Bíonn gach saghas spóirt ar siúl.Bhí lá Spóirt den scoth againn i mbliana! 

​

We hold a Sports Day at the end of our final term every year. All sorts of sports take place. We had a super sports day this year!  

​

​

Seachtain Ghníomhach

Bíonn Seachtain Ghníomhach againn gach bhliain. Bhain na páistí an-taitneamh as.

Seo hiad na rudaí a bhí ar siúl sa scoil:

  • Siúlóid timpeall Baile Chill Dara

  • Ní raibh obair bhaile scríofa ar bith!

  • Chaith na páistí is na múinteoirí eadaí spóirt

  • Bhí béim ar taisteal gníomhach. Rinne an Coiste Gníomhach seic gach lá ar cé a tháinig ar scoil ag siúl nó ar rothar.

  • Bhí stáisiúin spóirt idir na ranganna shóisir agus ranganna shinsir.

  • Bhí na ranganna ag glacadh páirte i sosanna gníomhach

  • Tháinig club dornálaíochta Naomh Bhríde isteach

Bhí an tseachtain ghníomhach ar siúl ar an 13ú - 17ú Bealtaine i mbliana. Bhí na páistí ag déanamh iománaíocht, cispheil, sacar, yoga, dornálaíocht agus níos mó! Bhí muid ag glacadh páirt ins an Skipathon freisin.

Comhpháirtíocht

Mar chuid den chlár Scoil Ghníomach chuamar i dteangmháil leis clubannna agus seirbhís áitúla. 

Tagann traenálaí ó Chlub Iomanaíochta isteach chugainn gach Máirt chun scileanna iomána, druileanna fisiceacha agus cluichí beaga a dhéanamh le pháistí ó Rang 1 ar aghaidh sa scoil. Is iontach an nasc é seo agus is mór an taitneamh is tairbhe a bhaineann na páistí as. Táimid fíor bhuíoch d’Eamonn.

​

Eamonn, a hurling club visits our school every Tuesday to practice drills, develop our hurling skills and play games with children from 1st class on in the school. This is a great link and every pupil gains great enjoyment and benefits from our sessions. We are very grateful to Eamonn

Scoil-Ghníomhach-Active-School.jpg
bottom of page