top of page

Mí an Mhárta - Mí an Mheithimh

Lá na nAithreacha

Rinneamar cártaí deas do Lá na nAithreacha.

Nuair atá sé grianmhar...

Téimid amach nuair atá an aimsir go maith chun obair a dhéanamh. Is breá linn ag féachaint ar na plandaí agus crainn ag fás agus ag obair i ngrúpaí freisin.

Aistear

Is breá linn ag súgradh don Aistear! Bímid an-ghnóthach leis.

Ceol

Rinneamar ár n-uirlisí ceoil féin. Bhí spórt agus spraoi againn á seinm!

Cré

Rinneamar boilb, féileacáin agus neadacha le cré. Bhí siad go hálainn. 

Ag Dornálaíocht

Tháinig múinteoirí nua isteach chun ceacht dornálaíochta a dhéanamh linn!

Dónall an Chluimh agus An-Ocras Air...

Léamar an scéal faoi Dhonall an Chluimh! Bhí an-ocras air!! Tháinig Dónall isteach chun caint linn. Bhíomar an-tógtha leis!

Ag Rothaíocht

Thógamar ár rothair ar scoil don Seachtain Scoile Ghníomhaí. Bhí an-spraoi againn.

Tá cairde nua againn don

léamh!

Ag léamh le Rang Niamh

Tháinig Rang Niamh isteach chun léamh linn. Bhain muid an-taitneamh as! Is breá linn ag léamh do dhaoine eile! 

Táimid ar fheabhas ag déanamh Mata!

Is breá linn ag déanamh Mata. Bímid ag imirt go leor cluichí le chéile chun foghlaim! Sna pictiúir seo, táimid ag cónascadh, ag imirt cluichí le hairgead, ag cónascadh, ag scríobh ár n-uimhreacha agus cluichí eile... 

Ag léamh le chéile

Is breá linn ag léamh le chéile!

Bhí lá na leabhar againn agus thugamar ár leabhair is fearr isteach!

Mí na Nollag - Mí Feabhra

Bímid ag obair le chéile chun rudaí a shórtáil de réir meá, na huimhreacha a scríobh le rudaí áirithe agus cónascadh a dhéanamh! Is breá linn an cluiche UNO freisin!!

Is breá linn ag déanamh mata! Bímid an-ghnóthach i rith na gceachtanna mhata! Seo muidne ag déanamh phatrúin!

Lá na bpancóg

Rinneamar pancóga agus d'itheamar iad! Scríobhamar faoi cad a bhí againn!

Gnóthach le Mata arís!

Ag Spraoi le torthaí agus glasraí!

Meáchan - cé acu atá níos troime?

Ag déanamh ealaíne le torthaí agus glasraí!

Is maith linn torthaí agus glasraí a ithe!

Ag scríobh

Táimid ar fheabhas ag scríobh!

Na Trí Muca Beaga

Mí Mheán Fómhair - Mí na Samhna

Chuaigh muid ar siúlóid fuaime timpeall na scoile!

Gnóthach le Mata

bottom of page